Oideachas

Cuirimid turais threoraithe ar fáil a oireann do riachtanais agus do spéis gach grúpa.

Féadfar cuairt do dhaltaí bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam, lena náirítear:
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (imscrúdú trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí; ailtirí agus dearthóirí ó thréimhsí eile; scileanna breathnóireachta a fhorbairt)

  • Stair (an saol a bhí ag daoine; na hathruithe a tharla i dtréimhsí difriúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe ar dhaoine; tuiscint ar an stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)

Is féidir turas go dtí an Blascaod Mór agus Ionad an Bhlascaoid Mhóir a úsáid chun tacú le gnéithe de churaclam Staire na hArdteistiméireachta chomh maith.

Is fíor sin go háirithe maidir leis an stair shóisialta agus chultúrtha agus Ealaín na hArdteistiméireachta (ailtireacht).

Cuirimid turais speisialaithe ar fáil do pháistí ó uair go chéile le linn laethanta saoire scoile agus i rith na Seachtaine Oidhreachta.

Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfear gach turas grúpa oideachasúil a chur in áirithe roimh ré. Téigh i dteagmháil linn má tá tuilleadh ceisteanna agat nó chun áirithint a dhéanamh.

Faigh Tuilleadh Eolais...

… faoin Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna.

Faigh amach faoi uaireanta oscailte, áiseanna agus eolas úsáideach eile.