Na hOileáin

Beiginis

An-oileán chun féir is ea é agus chuireadh na hoileánaigh beithígh – caoirigh agus uain ach go háirith – ar féarach ann. Tá fothrach áitribh le haoire caorach ar an oileán.

Tiaracht

An t-oileán is sia siar ar fad de na Blascaodaí. Teach solais ann ó 1870. Bhíodh clúmh ó éanlaith na háite seo mar ábhar leapa ag na hOileánaigh. Mharaití fuipíní ann chun bia.

Inis Tuaisceart

Bhí cónaí ann chomh fada siar le Luathré na Críostaíochta. Fothrach aireagail anseo ar a dtugtar Aireagal Bhréanainn. Cónaí ann ag tréimhsí gairide sa naoú haois déag. D’fhástaí prátaí anseo agus ramhraítí caoire.

Inis na Bró

Cónaí ann go dtí lár na haoise seo caite. Buaile caorach agus beithíoch anseo ag muintir an Bhlascaoid Mhóir. Ionad mór seilge do rónta ba ea na pluaiseanna ar an dtaobh thuaidh.

Inis Mhic Uibhleáin

Áitreabh mhuintir Dhálaigh go dtí gur tréigeadh é sa bhliain 1904. Fothrach seanmhainistreach ann. Áitreabh samhraidh Chathail Uí Eochaidh, iar-Thaoiseach.

An Blascaod Mór / An tOileán Tiar

5.2km ar fad agus 1km ag an ionad is leithne. An baile ar an dtaobh thoir agus a aghaidh ar an míntir. An Tráigh Bháin laistíos de. Cúig chiliméadar is ea an turas báid ó ché Dhún Chaoin.

Inis Tuaisceart

An Blascaod Mór

Tiaracht

Inis na Bró

Inis Mhic Uibhleáin

Beiginis

Tá muintir Eochaidh tar éis cartlann de pháipéir phearsanta a bhaineann le hInis Mhic Uibhleáin a bhronnadh le déanaí. Tabhair cuairt ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir chun an t-ábhar seo a cheadú.