Ionad agus Oileán an Bhlascaoid Mhóir


Is ionad oidhreachta agus cultúir/músaem ar leith é Ionad an Bhlascaoid Mhóir a chomórann an pobal eisceachtúil a mhair ar na hoileáin iargúlta seo go dtí gur tréigeadh an Blascaod Mór sa deireadh in 1953. Anseo, leathslí timpeall Bhealach Cheann Sléibhe, tá radharcanna iontacha de chósta fiáin an Atlantaigh agus d’oileáin iomráiteacha an cheantair le feiceáil ar gach aon taobh.

Insítear scéal an Oileáin in Ionad an Bhlascaoid Mhóir, idir chúrsaí iascaireachta agus feirmeoireachta na ngnáthdhaoine agus na nósanna traidisiúnta a leantaí maidir le hobair, iompar, saol an teaghlaigh, cúrsaí tithíochta agus siamsaíocht. Tá cur síos san Ionad ar dhianstreachailt na n-oileánach sa phobal sin, cuntas ar a dteanga agus a gcultúr, agus an oidhreacht liteartha dhochreidte a d’fhág siad ina ndiaidh – leabhair den scoth ar nós An tOileánach, Fiche Bliain ag Fás agus Peig. Ríomhtar a scéal ar shlite éagsúla – taispeántais, léirithe idirghníomhacha, déantúsáin, léirithe closamhairc agus saothair ealaíne. Tá an Blascaod Mór féin le feiceáil ón Ionad. Tá turais threoraithe den bhaile tréigthe ar an oileán ar fáil. Is obair i bpáirt ag Fondúireacht an Bhlascaoid agus ag Rialtas na hÉireann é Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Tá Ionad an Bhlascaoid Mhóir agus na turais threoraithe den oileán faoi stiúir agus faoi bhainistíocht Sheirbhísí Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí anois.

Neilí (Ní Dhálaigh) Uí Chearnaigh lena hiníon Máirín, 1929.

Pleanáil Cuairt

Uaireanta oscailte, suíomh, cúrsaí iompair agus fógraí tábhachtacha maidir le sláinte agus sábháilteacht ar an Oileán.

Turas ar Líne

Téigh ar thuras ó do sheomra suí féin!

Bailiúchán

Buaicphointí an bhuanbhailiúcháin.

Oideachas

Eolas do mhúinteoirí agus do scoláirí.

Tá foscríbhinní iomlána agus eolas a bhaineann le cóipcheart do na híomhánna ar fad le fáil sna Gailearaithe. Más mian leat úsáid a bhaint as aon cheann de na híomhánna ar an suíomh gréasáin seo, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Aon naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig ábhar seachtrach, tá siad ann chun críocha tagartha agus ní chuireann siad in iúl go n-aontaímid lena bhfuil iontu.