Turas ar Líne

Úsáid an clár ar clé chun nascleanúint a dhéanamh timpeall ar an Oileán nó is féidir díreach scrollú síos.

Caladh an Oileáin

Tá an caladh ar an dtaobh thoir den Oileán, an taobh is mó fothana de. Tógadh tonnchosc agus slipe sa chuan nádúrtha seo sa bhliain 1910. Is beag spáis atá sa chaladh agus ní fhéadfaí naomhóga a fhágaint ar snámh ann i bhfad ach chuirfí ar na stáitsí iad. Le canbhás agus tarra a dheintí na naomhóga ar fhráma éadrom adhmad. Criú de thriúr nó ceathrar a bhíodh ins gach naomhóg. Chabhraigh mórán de mhuintir an Oileáin le tógaint na slipe seo, ina measc Tomás Ó Criomhthain agus an scoláire Robin Flower. Theastaigh ó na scoláirí blaiseadh a fháil de ghnáthshaol an Oileáin.

Tigh Mhuiris Uí Shúilleabháin

I 1904 a saolaíodh Muiris Ó Súilleabháin ar an mBlascaod Mór ach chaith sé sé bliana i dtigh na mbocht sa Daingean nuair a cailleadh a mháthair. Tar éis dó filleadh ar an Oileán chaitheadh sé mórán ama i dtigh a athar chríonna Daideo Eoghan ag Bun an Bhaile. Le cloch agus moirtéar cré a tógadh tigh Mhuiris, ar nós na dtithe dúchasacha eile ar an Oileán. Bhí an tigh ag Bun an Bhaile lena binn ag féachaint i dtreo na farraige. D’fhág Muiris an tOileán i 1927 agus chuaigh sé isteach sna Gárdaí.

Rinn an Chaisleáin

Deirtear gur anseo a bhí caisleán ag an taoiseach áitiúil, Piaras Feiritéar, tráth dá raibh, agus is san oileán a chaitheadh sé a chuid ama agus é ar a theitheadh óna naimhde. Níl aon rian den gcaisleán anois ann. Ina dhiaidh sin, bhíodh Rinn an Chaisleáin in úsáid ag pobal an Bhlascaoid mar cheallúnach agus is ann a cuirtí leanaí gan baisteadh.

Tigh Thomáis Uí Chriomhthain

Sa bhliain 1893 thóg Tomás Ó Criomhthain a thigh fhéin, an tigh is cóngaraí don dtráigh. Bhí dhá sheomra sa tigh agus cuireadh bothán leis níos déanaí. De réir a chúntais fhéin, is i lár an Gheimhridh sa bhliain 1893 a thosnaigh Tomás ag tógaint, agus bhí an obair curtha i gcrích aige sa Mhárta. Deir sé gur ina aonar a thóg sé an tigh, ach go raibh an t-ábhar tógála in aice láimhe aige.

Oifig an Phoist

Tógadh an tigh seo ag tús na fichiú aoise agus osclaíodh an Oifig Poist ann sa bhliain 1941 le Seán Sheáisí Ó Cearnaigh mar mháistir poist. Bhí Oifig an Phoist mar dhlúth-cheangal idir an tOileán agus an mhíntír sna blianta deiridh. Chuirtí fáilte mhór roimh fhear an phoist i gcónaí, go háirithe le litreacha ó Mheiriceá. Bhí nasc raidió-teleafón in úsáid ar an Oileán ó 1941 go 1953 idir an tOileán agus Dún Chaoin.

An Scoil Náisiúnta

Is i lár an bhaile atá scoil an Oileáin agus tógadh í timpeall na bliana 1864. Bhí suas le céad leanbh agus beirt mhúinteoirí ag freastal ar an scoil tráth. Dúnadh an scoil i 1941 agus gan ach seisear leanbh fágtha inti. Le linn an tsamhraidh nuair a thagadh na sagairt ar cuairt, is istigh sa scoil a deiridís an tAifreann, toisc nach raibh aon Séipéal ar an Oileán. Sa Gheimhreadh, bhailíodh muintir an Oileáin le chéile ann don gCoróin Mhuire. Cosnochta a bhíodh na leanaí, agus ní chaithidís bróga ach ar ócáidí áirithe.

Tigh Pheig Sayers

D’aistrigh Peig agus líontí isteach i gceann de na tithe nua, a tógadh idir 1908 agus 1916. Tógadh na tithe nua le coincréit agus cuireadh ceann slinne orthu. Bhíodar níos airde ná na tithe dúchasacha agus bhí úrlár in airde staighre iontu agus a n-aghaidh ag féachaint i dtreo na farraige. Is i dtigh Pheig a bhailíodh oileánaigh agus cuairteoirí araon tráthnóna chun éisteacht le scéalta agus seanchas Pheig Sayers.

An Tráigh Bhán

Gné shuaithinseach den Oileán is ea an Trá Bhán. Théadh oileánaigh agus cuairteoirí araon ar an dtráigh ag imirt chluichí agus ag ligint a scíthe, ach bheadh sé dainséarach dul ag snámh ann.
Chuir roinnt báid den Armáid Spáinneach ar ancaire amach ón dTrá Bhán sa bhliain 1588 ach bádh an Santa Maria de la Rosa i mBealach an Bhlascaoid. De réir cuntais chaptaen amháin ón Spáin, fuaireadar uisce úr ar an mBlascaod sara dtugadar a n-aghaidh ar an Spáin.

An Túr

Rialtas Shasana a thóg an túr seo, dála mórán nach é, chun a bheith ag faire amach do Napoleon Bonaparte agus a chabhlach mar go rabhadar sceimhlithe go ndéanfadh sé ionradh ar Éirinn chun seilbh a fháil ar choróin Shasana. Ba é an foirgneamh ba mhó agus ba airde a tógadh riamh ar an oileán é agus caithfidh gur chuir sé iontas ar na daoine agus é á thógaint agus go deimhin i bhfad ina dhiaidh sin.

Is dócha go raibh an túr i bhfearas go dtí 1815, nó mar sin, mar nach raibh aon ghá leis ina dhiaidh sin toisc Napoleon a bheith curtha i leith a chúil. Saighdiúirí agus lucht comharthaíochta a bhí lonnaithe sa túr agus is deacair a dhéanamh amach cé méid a bhí ann acu ag am ar bith toisc go mbídís ag imeacht agus ag teacht. Leag splanc an túr i dtríochaidí na fichiú haoise.

An Dún

Ceann de na hiarsmaí seandálaíochta is mó a luaitear leis an mBlascaod Mór is ea An Dún sin, atá ar bharr aille, gar do bhuaic Chnoc A’ Dúna, ar an dtaobh ó thuaidh den oileán timpeall trian den slí siar go Ceann Dubh. Is cosúil gur iarsma seanda go maith é seo ach, arís, is beag é ár n-eolas mar gheall air. Is é an méid is féidir linn a rá go cinnte anseo go bhfuil comharthaí sóirt ann go raibh daoine ina gcónaí ar an oileán seo leis na cianta cairbreacha.

Na Clocháin Gheala

Is cnocáin cloch iad na Clocháin Gheala, a bhfuil sé deacair a dhéanamh amach anois cén saghas cruth a bhí orthu tráth, agus atá scaipthe ar shlios laistiar de An Cró (an beann is airde ar an oileán) agus ar phaiste cuíosach réidh a shíneann leathmhíle eile siar ón slios agus a shíneann trasna an oileáin chomh maith. Toisc go bhfuil Na Clocháin Gheala chomh fada siar ón gcaladh agus ón mbaile, ní fheiceann formhór na ndaoine a thugann cuairt ar an oileán na cnocáin cloch seo. Díreach mar atá ó na Scealaga, tá radharcanna taibhseacha tíre agus mara thar na bearta, ar limistéir fada fairsing a shíneann go bun na spéire agus go barr na gcnoc, le feiscint ón láthair seo.

Deir Tomás Ó Criomhthain in Dinnsheanchas na mBlascaodaí; “Ta mórán oibreacha timpeall na gclochán seo. Níl ach amhras, dar liom, á chaitheamh i dtaobh na gclochán céanna. Daoine beannaithe a deir cuid acu, na Lochlannaigh a thuilleadh acu. Tá an féar agus an mhóin fásta go hard os a gcionn, ach dá mbeadh glan uaidh go dtí an bonn, is mó duine a bhainfeadh brí as, b’fhéidir. Ach, má shroich na Lochlannaigh an t-oileán seo, is dócha gur acu a bhí an t-áitreamh.”

Íoslódáil ár n-aip saor in aisce (iOs nó Android) don turas treoraithe iomlán!