Saol na Farraige
Ba é an breac éisc a thug na hoileánaigh slán ón gcuid ba mheasa den Ghorta Mór 1845-8 inar cailleadh milliún duine a bhí á gcothú go hiomlán nach mór ag an bpráta.
I dtreo deireadh na naoú haoise déag, de réir mar a bhí luach seasmhach le fáil ar iasc agus nuair a tháinig éileamh níos mó ar mhaicréil agus ar ghliomaigh, d’éiríodar as na báid adhmaid agus ghlacadar chucu an naomhóg. B’fhuirist an naomhóg a ionramháil, bhí sí éadrom, agus bhí sí an-oiriúnach chun potaí gliomach a chur i bhfarraige agus a tharrac. Cé go raibh sí an-fhorbartha ina dearadh, bhí sí saor a dóthain le déanamh. D’fhéadfadh ceardaithe an Oileáin í a dhéanamh lena lámha féin agus roinnt bunábhar – adhmad (blúiríní adhmaid raice uaireanta), canbhás, tarra, tairní agus péint. Lean flúirse áirithe teacht na naomhóige.
Ní fada a mhair sé sin áfach. Mhéadaigh líon na dtrálaeirí i gCuan an Daingin go mór. Níorbh fhéidir leis na hOileánaigh dul san iomaíocht leo cois cladaigh. Leis an ró-iascach chuaigh an t-iasc féin i ngainne; thit an tóin as an margadh leis an ndian-iomaíocht idir na trálaeirí móra. Buille thubaisteach eile ba ea na taraifí nua a ghearr na Stáit Aontaithe ar mhaicréil leasuithe i 1927. I 1921 bhí 400 naomhóg i gCorca Dhuibhne thiar; faoin mbliain 1934, ní raibh ann ach 80.
Bhíomair suite síos ar ar sástacht anois gan cíos cás na cathú orainn, cé gurb annamh a bhíonn sé ar fhear farraige, mar ba chompordach an uain í, an naomhóg síos go slait le pollóga breátha, gan rian struis orainn ag déanamh an bhaile ach í féin ag bogadh léithi agus ag treabhadh na farraige soir, tarrac againn ar thobac agus sinn ag cur agus ag cúiteamh ar chúrsaí an tsaoil.
Lean an gála da shéideadh thar fóir i rith na hoíche agus bhí an naomhóigín agus an fear aonair á séideadh ag an ngaoth roimpi trasna Bhá an Daingin nó go raibh eadra bó amárach ann. San am sin de ló is ea a bhí an fear istigh i gCuan Uíbh Ráthaigh gan maisle na máchail air féin na ar a naomhóigín. Glacadh go mór ann é; an scríob curtha aige de, é ina chaonaí aonair, agus bhí ionadh an domhain orthu conas nár chuir an scanradh féin chun báis é i rith na hoíche móire fada.
Dair liom is teantaithe an áit é seo; is tá an fharraige sin amuigh ag cur eagla orm. Is amuigh ar an bhfarraige sin…a chaithfidh m’fhear céile leath a shaoil feasta!
Os rud é é ná féadfaí aon tarbh a choimeád ar an Oileán do chaithidís ba a bhíodh faoi dháir a thabhairt chun na míntíre chomh maith le stoc a bheadh le díol. Ó 1880 i leith tugtaí ainmhithe chun na míntíre i naomhóga. Chuige seo bhíodh orthu cosa an ainmhí do cheangal le chéile agus é a shíneadh anuas ar easair de aiteann nó craobh a bhíodh socraithe idir dhá thochta i lár na naomhóige.
Bhíodh naomhóg eile in éineacht leis an naomhóg ina mbíodh an bhó á hiompar. Bhíodh sé chomh deacair céanna an bhó a thógaint as an naomhóg i nDún Chaoin. Bhíodh orthu an bhó a chur ar ais sa naomhóg arís agus í a thógaint amach aisti sa Bhlascaod ar fhilleadh abhaile dhóibh.
An uair ná bídis ar an bhfarraige do bhíodh na hiascairí gnóthach ag deisiú a bhfearaistí iascaigh agus ag déanamh potaí. Do chaithidís dul chun na míntíre chun tuigí a fháil do na potaí. Uaireanta, nuair a bhíodh tuigí gann, úsáidtí craobh nó sliotharnach chun tóin an phota a dhéanamh.
Sula dtosnaíodar ag iascach as na báid is le doruithe a bhídís ag iascach ar na carraigeacha go dtí tús na naoú haoise déag nó mar sin. Is é seo an modh iascaireachta is seanda in Éirinn. Tá litríocht agus seanchas an Bhlascaoid lán de chuntais ar adhmad raice, bairillí bia agus dí agus a leithéid a tháinig mar raic chucu. Ba mhinic a fhóir an raic chéanna orthu. Briseadh cuid mhaith bád ar an gcósta timpeall an Bhlascaoid; tarrtháladh cuid dos na criúnna agus bádh roinnt acu chomh maith.
Do dheinidís féin a gcuid líonta go dtí deireadh na haoise seo caite, nuair a thosnaíodar á gceannach. Tá an líon seo á dheisiú le snáthaid lín. Is dócha gur líon maicréal é. Tugtaí buille faoi thuairim de thoisí an mhogaill le dhá mhéar a chur le chéile chun an tomhas a dhéanamh. Diaidh ar ndiaidh tháinig na Blascaodaigh isteach ar iascach na ngliomach is na bpiardóga agus táthar á n-iascach i gcónaí sa cheantar seo. Bhí cósta an Bhlascaoid an-oiriúnach don gcineál seo iascaigh.