Cartlann

Agus pleananna á mbeartú d’Ionad an Bhlascaoid Mhóir, tháinig an smaoineamh chun cinn gur mhaith an rud é seomra a chur ar leataobh san fhoirgneamh do thaighde agus do staidéar. B’in a tharla agus osclaíodh an seomra don phobal nuair a d’oscail an tIonad in 1993.

Bhí daoine áirithe sásta ábhar a bhronnadh ar an gCartlann ón gcéad lá. Thosaigh muintir an Oileáin, a sliocht siúd, agus daoine eile go deimhin, ag tabhairt earraí chomh fada leis an gCartlann le go gcoimeádfaí slán ar iasacht bhuan iad: bhí lámhscríbhinní, leabhair, déantúsáin ón Oileán agus ábhar ilchineálach closamhairc i measc an ábhair sin.

Tháinig an-chuid ábhar go háirithe ón Moin. Dr Pádraig Ó Fiannachta, scoláire aitheanta Gaeilge agus Ceiltise, a bhronn gabháil mhór leabhar agus lámhscríbhinní ó leabharlann Mháirín Uí Dhálaigh agus a fear céile, an t-iarUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh, beannacht Dé lena n-anam. Tagann thart ar 40% de na leabhair sa chartlann ón bhfoinse seo, mórchuid acu bainteach leis an Luath-Ghaeilge, an Stair, an Dlí agus an Ghaeilge.

Níorbh in deireadh leis na bronntanais. Nuair a cailleadh an scoláire mór ar chúrsaí an Oileáin, an tOllamh George Thomson, bhronn a iníon Margaret Alexiou an t-ábhar ó leabharlann ollmhór a hathar a bhain leis an mBlascaod ar an gCartlann. Bhronn scoláire Blascaodach eile, Ray Stagles, sciar mhaith dá leabharlann, mar a rinne go leor eile leis. Cuireadh go mór leis an gCartlann le deireanas nuair a bhronn Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir an chomhlachta foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht, 300 leabhar Gaeilge in 2011.

Cuirtear leis na bronntanais seo le hábhar éagsúil atá ceannaithe ag an gCartlann i gcaitheamh na mblianta. Earraí aonair den chuid is mó a bhí i gceist ach cuireadh go mór leis an mbailiúchán in 2005 nuair a ceannaíodh cartlann iomlán stiúideo áitiúil Raidió na Gaeltachta.

Tá réimse leathan ábhar sa Chartlann. Cé gur ar na Blascaodaí atá sé dírithe den chuid is mó, tá ábhar ann chomh maith a bhaineann leis an nGaeilge agus Litríocht na Gaeilge, an Béaloideas agus Saol na Tuaithe, an tSeandálaíocht, an Ginealas, an Stair, an Dlí, na Teangacha Ceilteacha, an Pholaitíocht agus an Tíreolaíocht. Orthu sin tá leabhair, irisí, altanna ó nuachtáin agus tréimhseacháin, ábhar closamhairc, tráchtais agus staidéir, litreacha pearsanta agus lámhscríbhinní, agus cartlann ghrianghrafadóireachta ina bhfuil suas le 3000 grianghraf. Tá an t-ábhar seo go léir catalógaithe go digiteach agus is éasca teacht air.

Eibhlís (Ní Shúilleabháin) Uí Chriomhthain lena hiníon Niamh, deireadh na 1930í. George Chambers a thóg. Courtesy National Folklore Collection, UCD
Cuireann sé áthas orainn ábhar tábhachtach a bhaineann leis an mBlascaod Mór a chur ar fáil don phobal.

Brúigh ar íomhá an acmhainne chun teacht air. Déan tagairt d’Ionad an Bhlascaoid Mhóir in aon úsáid a bhaintear as an ábhar seo, le do thoil.

Freastalaíonn Ionad an Bhlascaoid Mhóir orthu siúd atá i mbun taighde staire trí rochtain ar an mbailiúchán stóir a cheadú. Is gá coinne a dhéanamh chun rochtain a fháil ar an mbailiúchán stóir. Chun coinne a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn tríd an bhfoirm fiosrúcháin.

Ábhar Closamhairc

Tá bailiúchán mór d’ábhar closamhairc againn a bhaineann leis an mBlascaod. Ina measc tá; cóip den scannán ‘West of Kerry’, taifeadta ar an mBlascaod in 1937, cóipeanna d’agallaimh ar scannán leis na Blascaodaigh in 1992, agus cóip de chartlann fuaime an stáisiúin áitiúil de RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Blúire é seo de scannán a thaifead an tAthair Ferdinand Valentine O.P. ar an mBlascaod Mór in 1938. Léiriú é ar phobal an Oileáin cúig bliana déag sular tréigeadh ar deireadh é. Brúigh ar an gcearnóg sa chúinne ar bun ar dheis den fhíseán leabaithe chun é a oscailt ar do scáileán ar fad. Is féidir an scannán iomlán a fheiceáil san Ionad.

Ginealas

Cuirimid seirbhís taighde ghinealaigh ar fáil do shliocht na mBlascaodach, agus go leor doiciméad agus bunachar sonraí do mhuintir an Bhlascaoid ar fáil againn chuige sin. Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar chóip atheisithe ardtaifigh do dhearbhú pósta Hanora Crehan ó 1877 in Chicopee, Massachusetts ach brú ar íomhá ar dheis.

Leabharlann

Tá bailiúchán ollmhór leabhar againn ar réimse leathan ábhar. Tá na móreagráin go léir de Leabharlann an Bhlascaoid againn mar aon le stór breá leabhar ar an nGaeilge, cultúr, béaloideas, stair agus seandálaíocht. Tá cóipeanna againn d’fhormhór na leabhar atá luaite leis an mBlascaod, cóipeanna céadeagráin de An tOileánach agus The Islandman le Tomás Ó Criomhthain, Fiche Blian ag Fás agus Twenty Years a-Growing le Muiris Ó Súilleabháin agus eagráin éagsúla de Peig san áireamh. Tá bailiúchán de leabhair Shean-Ghaeilge agus facsamhlacha de chuid de lámhscríbhinní ársa na hÉireann againn leis.

Lámhscríbhinní

Tá go leor lámhscríbhinní spéisiúla againn, cuid acu nach mór céad bliain d’aois, a scríobh Blascaodaigh éagsúla. Brúigh ar an mionsamhail ar dheis chun leathanach ardtaifigh a íoslódáil. Leathanach ó chóipleabhar de chuid Mháire Ghobnait Ní Ghuithín (Mary Banes Uasal, RIP) atá i gceist, agus é líonta aici le hábhar a bhailigh sí mar chuid de Scéim Bhéaloideas na Scol agus í ina dalta ar scoil an oileáin. Thug sí an cóipleabhar chun na Ríochta Aontaithe léi, agus ceanglaíodh agus bronnadh ar an Ionad é sna 1990idí.

Nuachtáin

Coimeádaimid cóipeanna d’ailt a bhaineann le muintir an Bhlascaoid, ó dheireadh an naoú haois déag go dtí an lá inniu. Brúigh ar an mionsamhail ar dheis chun leathanach a íoslódáil ó The Springfield Sunday Republican in 1952 ina bhfuil scéal faoin teideal ‘No Girls on Blasket Isle’.