Údair an Oileáin

I mblianta luatha an fichiú haois tháinig scoláirí ar cuairt chuig an mBlascaod Mór chun Gaeilge a fhoghlaim agus chun béaloideas a bhailiú.

Spreag siad muintir an Oileáin le peann a chur le pár iad féin i nGaeilge, agus tugann na leabhair a scríobh siad léargas ar leith dúinn ar chruatan an tsaoil ar an Oileán. Is iad na leabhair ón Oileán is fearr aithne orthu ná An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig le Peig Sayers, agus Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.


Tomás Ó Criomhthain (1855-1937)

An scríbhneoir is mó de scríbhneoirí an Bhlascaoid meastar. Chaith sé a shaol go léir ar an Oileán, ag iascach agus ag feirmeoireacht. I mBéarla amháin a d’fhoghlaim sé conas scríobh ar scoil. Chuir sé roimis, agus é ins na daicheadaí, scríobh na Gaeilge a fhoghlaim, chun go mbeadh sé ar a chumas cur síos, ina theanga dhúchais, ar shaol a mhuintire. Thug na scoláirí Carl Marstrander agus Robin Flower spreagadh agus misneach dó agus é i mbun oibre. Ina dhiaidh sin thug Brian Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó Siochfhradha cúnamh do mar eagarthóirí. Scríobh Robin Flower an chéad mhórleabhar Seanchas ón Oileán Tiar ó bhéal Thomáis idir 1912 agus 1925 ach níor foilsíodh é go dtí 1956.

Mhéadaigh ar a chumas mar scríbhneoir, i dtreo is go raibh sé ábalta an dá leabhar is tábhachtaí Allagar na hInise (1928) agus An tOileánach (1929) a scríobh uaidh féin. Is saothar de chaighdeán ard liteartha iad, a raibh taidisiúin an bhéaloidis mar bhonn acu. Tá máistreacht ag Tomás ar an bhfocal scríofa, rud a chinntíonn go mairfidh a shaothar go deo. Fé mar a scríobh sé fhéin i ndeireadh An tOileánach chuir sé chuige “go mbeadh a fhios i mo dhiaidh conas mar a bhí an saol le mo linn agus na comharsain a bhí suas le mo linn.”


Peig Sayers (1873-1958)

Seachas éinne eile de scríbhneoirí móra an Bhlascaoid is í Peig is mó a thug léi blas an bhéaloidis. Ina leabhar Peig cuireann sí síos ar a hóige ar an míntír agus a saol istigh san Oileán. Is minic a tharraingíon sí as saoithiúlacht an bhéaloidis chun léargas ar an saol a chur in iúl. Bhí cáil uirthi riamh mar sheanchaí, fiú sular foilsíodh an chéad leabhar uaithi. Ní raibh aon teora leis an méid scéalta a bhí ag Peig. Trí Bhéarla a fuair sí a cuid scolaíochta, mar ba nós san am, agus níor fhoghlaim sí scríobh na Gaeilge riamh. D’aithris sí an dá imleabhar dá dírbheathaisnéis Peig (1936) agus Machnamh Seanmhná (1939) dá mac Mícheál, a scrígh síos uaithi iad.

Is dócha gurb í an Oidhreacht is tábhachtaí a d’fhág sí ina diaidh ná an bailiúchán ollmhór scéalta seanchais agus amhráin a scríobh Robin Flower, Kenneth Jackson, Seosamh Ó Dálaigh agus daoine eile nach iad, síos uaithi. Tá céatadán an-bheag den iomlán le léamh i Scéalta ón mBlascaod (1938).


Muiris Ó Súilleabháin

Tar éis bás a mháthar, ba i nDaingean Uí Chúise a chaith Muiris Ó Súilleabháin na chéad bhlianta dá shaol, go dtí go raibh sé sé bliana d’aois. Nuair a chuaigh sé ar ais chun cónaithe lena mhuintir ar an mBlascaod ní raibh aige ach Béarla, ach níorbh fhada ann é go raibh an Ghaeilge ar a thoil aige. Scéalaí maith ab ea a sheanathair Eoghan (Daideo) Ó Súilleabháin agus is uaidh is mó a fuair Muiris a thuiscint ar an dteanga agus ar a dhúchais.

Toisc an cháil a bhain An tOileánach amach agus an spreagadh a fuair sé ón scoláire George Thomson, a scríobh sé cúntas ar a óige. Fiche Blian ag Fás a bhí mar thoradh ar a chuid oibre agus tugadh ardmholadh dó nuair a foilsíodh é i 1933. Chuir George Thomson agus Moya Llewellyn Davies leagan Béarla de ar fáil agus bhain an t-aistriúchán cáil domhanda amach do Fiche Blian ag Fás. D’éirigh Muiris as a phost mar Gharda chun tabhairt faoin scríbhneoireacht go lánaimseartha ach theip air foilsitheoir a fháil don dara imleabhar dá dhírbheathaisnéis Fiche Blian Fé Bhláth. Dá dheascaibh seo chuaigh sé ar ais sna Gardaí. Bádh go tubaisteach é i 1950 le linn dó bheith ag snámh amach ó chósta na Gaillimhe.

Tá sprioad mheidhreach na hóige i Fiche Blian ag Fás agus aistríodh go Fraincís, Gearmánais agus go Seicis é chomh maith.


Eibhlís Ní Shúilleabháin (1911-1971)

As a cuid litreacha atá cuimhne uirthi agus foilsíodh cuid acu sa leabhar Letters from the Great Blasket (1978). Litreacha iad a sheol Eibhlís go dtí cuairteoir Sasanach a thagadh ‘on Bhlascaod, is é sin George Chambers, is a scrígh sí idir na blianta 1931 agus 1951.

Baineann na litreacha lena saol is í i mbláth na hóige ar an mBlascaod agus leis na chéad deich mbliana a chaith sí ar an míntír, áit ar aistrigh sí i 1942 in éineacht lena líon tí. Litreacha suithinseacha is ea iad go léir ó thaobh litríocht an Bhlascaoid toisc gurb as Béarla a scríobhadh iad agus ní raibh rith na teangan ar a toil ar fad aici. Mar sin féin, tá doimhneas agus blas na filíochta ar a cuid scríbhneoireachta agus maoithneachas ag dul i dtreise ann de réir mar a mhothaíonn sí go bhfuil daonra an Oileáin ag dul i léig. Chomh maith leis na litreacha a sheol sí go dtí Chambers do choimeád sí cúntas cín lae ina bhfuil mion chur síos ar shaol na nOileánach.


Seán Ó Criomhthain (1898-1975)

Ba é Seán an duine ab óige de chlann Thomáis Uí Chriomhthain. Phós sé Eibhlís Ní Shúilleabháin i 1933. Thugadar aire do Thomás ins na blianta deireanacha dá shaol go bhfuair sé bás. D’aistrigh Seán agus a theaghlach amach go dtí an Mhuiríoch, ar an míntír, i 1942, mar a gcaith sé formhór a shaoil ag iascach.

Scríobh sé a lán altanna do irisí Gaeilge agus i 1969 foilsíodh a leabhar Lá Dár Saol. Is léir go raibh tionchar ag scríbhneoireacht a athar ar Sheán ach go raibh dearcadh a linne féin aige chomh maith. Tá léargas ann ar shaol an Bhlascaoid ins na triochadaí agus na daicheadaí, maraon le grinnthuairisc ar chruatan saoil lanúin óig ón Oileán a aistrigh go dtí an míntír. Tar éis a bháis obann de bhárr timpiste bóthair i Mí na Nollag 1975, foilsíodh ábhar leis a bhí scríte aige tamall roimhe sin, chomh maith le roinnt agallaimh, sa leabhar Leoithne Aniar i 1982.


Máire Ní Ghuithín (1909-1988)

Saolaíodh Máire Ní Ghuithín ar an mBlascaod agus b’é Pádraig Ó Catháin, Rí an Oileáin, a hathair críonna. D’aistrigh sí go Dún Chaoin nuair a phós sí Labhrás Ó Cíobháin, sular tréigeadh an tOileán. Níor tháinig fonn scríbhneoireachta uirthi go raibh sí ag druidim isteach san aois, breis is deich mbliana fichead tar éis an tOileán a fhágaint. B’í Joan Stagles, Sasanach mná a d’fhoghlaim léamh agus labhairt na Gaeilge í féin, agus a fear céile Ray Stagles, a spreag Máire chun a smaointe a chur ar phár. Cuireann an dá leabhar atá againn ó Mháire An tOileán a Bhí (1978) agus Bean an Oileáin (1986) lenár dtuiscint ar shaol laethúil Dhuibhneach lena linn. Tá tábhacht faoi leith ag baint le na mionchuntais a thugann sí ar na nósanna a bhain le pósadh, saolú linbh agus bás de réir mar a bhí na cúrsaí sin i dtosach an chéid seo. Tugann sí cuntas luachmhar trí shúile mná, ar chúramaí tí, ó cheann ceann na bliana san Oileán.


Tabhair cuairt ar Ionad an Bhlascaoid Mhóir chun níos mó a fhoghlaim faoi scríbhneoirí eile an Oileáin; Mícheál Ó Gaoithín, Seán Sheáin Í Chearnaigh, Pádraig Ua Maoileoin, agus an file, Seán Ó Duinnshléibhe, ina measc.

Pleanáil Cuairt