Scoláirí Isteach

Tar éis a chuairteanna Marstrander agus Flower ar an Oileán, níorbh aon iontas go dtiocfadh cuairteoirí eile agus cáil an Oileáin leata. B’in mar a bhí.

 

Sna blianta a lean, diaidh ar ndiaidh tháinig ábhar éigin scoláirí a raibh spéis ar leith acu i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge, ar cuairt go dtí an mBlascaod. Orthusan bhí an Sualannach Carl Wilhelm von Sydow, an teangeolaí Francach Marie-Louise Sjoestedt-Jonval, agus na scoláirí clúiteacha Gaeilge Myles Dillon agus Daniel Binchy.

Chuir pobal níos leithne fós eolas ar an mBlascaod Mór le foilsiú An tOileánach i 1929 agus Fiche Blian ag Fás  ceithre bliana ina dhiaidh. Gach samhradh i rith na dtríochaidí thugadh díograiseoirí teanga, múinteorí agus státseirbhísigh cuairteanna rialta ar an Oileán. Theastaíodh uathu a gcuid Gaeilge a chleachtadh nó bualadh leis an Oileánach cáiliúil é féin. B’in mar a tógadh an oiread sin grianghraf den Chriomhthanach agus é ina sheasamh go foighneach agus a shaothar ina ghlaic. Bhí an turasóireacht chultúrtha ar an bhfód.


John Millington Synge (1871-1909)

Thug John Millington Synge cuairt ar na mBlascaod Mór déanach i samhradh na bliana 1905. Ní ag foghlaim Gaeilge a tháinig sé ach é ina scríbhneoir taistil ag lorg inspioráide dá shaothar.

Is faoi anáil a shiúlta feadh chósta thiar na hÉireann, go mór mhór a thréimhsí i measc na n-Oileánach ar an mBlascaod agus in Árainn a chuir sé cuid dá mhórdhrámaí ar fáil. Glactar lena shaothar ‘The Playboy of the Western World’ mar scothdhráma nua-aoiseach. Is é dóichí ná gur bhunaigh Synge acmhainn cainte agus treise pearsantachta na bpríomhcharachtar aige ar oileánaigh a casadh air ar a shiúlta.

In ainneoin gur chuir saothar Synge In Wicklow, West Kerry etc, a foilsíodh tar éis a bháis, olc ar mhórán de mhuintir an Bhlascaoid, bhí a thuairisc géarchúiseach agus é báúil leo agus dian orthu san am céanna.

 

The whole site of wild islands and sea was as clear and cold and brilliant as what one sees in a dream, and alive with the singularly severe glory that is in the character of this place.

J.M. Synge, Wicklow and Kerry


Carl Marstrander (1883-1965)

Ba é Carl Marstrander an chéad mhórscoláire teangeolaíochta a thug cuairt ar an mBlascaod Mór. Tháinig sé i bhfómhar na bliana 1907 chun an Nua-Ghaeilge a fhoghlaim. Agus Tomás Ó Criomhthain á mhúineadh, níorbh fhada go bhféadfadh sé comhrá a dhéanamh go saoráideach leis na hOileánaigh.

I dteannta a chuid scoláireachta bhí scil nach beag ag Marstrander i gcúrsaí lúthchleasaíochta. Léimneoir cuaille oilte a bhí ann. Is dócha go raibh cion ar leith ag na hOileánaigh air mar gheall ar a lúfaireacht agus a neart coirp agus thugaidís ‘An Lochlannach’ air mar ainm ceana.

Tar éis roinnt míonna d’fhág s´an tOileán agus thug sé aghaidh ar Osló athuair. Scríobhadh sé chuig Tomás Ó Criomhthain ar feadh tamaill. D’iarr sé tráth ar Thomás liosta Gaeilge a sheoladh chuige d’ainmneacha plandaí agus ainmhithe an Oileáin.

Ba é Marstrander an chéad chuairteoir a mhúscail sna hOileánaigh agus go háirithe sa Chriomhthanach tuiscint ar shaibhreas agus ar luach suaithinseach a dteanga agus a gcultúir.

 

I’m in company with them as one of themselves and that is the best way for someone who has come to them to learn the language from them; and I don’t mind saying that I’m improving moderately. I could now express what I wish in Irish, which pleases me for I had hardly a word when I left Dublin. Carl Marstrander, litir go cara dá chuid


Robin Flower (1881-1946)

Tar éis staidéar a dhéanamh ar na clasaicí in Ollscoil Oxford, ceapadh Robin Flower ar fhoireann na lámhscríbhinní i Músaem na Breataine sa bhliain 1906. I 1910 tháinig sé chun staidéar a dhéanamh ar an Sean-Ghaeilge faoi chúram Carl Marstrander i Scoil an Léinn Ghaeilge a bhí nuabhunaithe i mBaile Átha Cliath ag an am. Spreag Marstrander é chun an Nua-Ghaeilge a fhoghlaim, agus chuige sin tháinig sé go dtí an Blascaod Mór i samhradh na bliana 1910. Ba é Tomás Ó Criomhthain a bhí mar oide aige. D’fhill sé an samhradh dar gcionn i dteannta a mhnaoi céile agus iad ar mhí na meala. Tháinig feabhas ar a chuid Gaeilge de réir a chéile agus thosaigh sé ag breacadh síos cuid de scéalta Thomáis. Foilsíodh iad seo tar éis a bháis faoin teideal Seanchas ón Oileán Tiar  sa bhliain 1956.

Ba mhó cuairt a thug sé ar an mBlascaod i gcaitheamh na bhfichidí agus na dtríochaidí agus a chlann fairis. Thugadh muintir an Oileáin ‘Bláithín’ air le cion. Tá cuntas glé ar a chaidreamh leis an mBlascaod agus le muintir an Oileáin ina shaothar The Western Island, saothar gairid paiseanta, a bhfuil maorgacht an Oileáin agus tréithe na muintire go gléineach ann.

Nuair a fuair sé bás sa bhliain 1946, scaipeadh a chuid luaithe timpeall ar An Dún, an bhinn is airde san Oileán.

 

Ar theacht do ‘Bhláithín’ (Robin Flower ó Londain) go hÉirinn bhuail cara liom leis sa phríomhchathair agus bheartaigh an cara ormsa dó, go raibh mo leithéid ann… Nuair a shroich sé Éire níor staon sé gur bhain sé amach an Blascaod. As sin dúinn nó gur chuaigh beirt againn le chéile, cúpla téarma sa ló ach ná bídís fada. Tomás Ó Criomhthain, An tOileánach


Brian Ó Ceallaigh. (1889-1936)

Rugadh agus tógadh Brian Ó Ceallaigh i gCill Áirne. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Choill Chluana Gabhann agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Go luath tar éis dó a chéim sa Dlí a bhaint amach, 1913, chuir sé spéis i bhfoghlaim na Gaeilge.

Shroich sé an tOileán i mí Aibreáin 1917 agus thug sé an chuid eile den bhliain ag foghlaim na Gaeilge ó Thomás Ó Criomhthain. Ba é an Ceallach a thug an chéad spreagadh agus a ghríosaigh a mhúinteoir chun pinn. Ba é ba thúisce a thug misneach do Thomás chun scéal a bheatha a scríobh agus tuairisc ar shaol an Oileáin a bhreacadh ina fhocail féin. Thug sé Pêcheur d’Islande le Pierre Loti agus bailiúchán de scéalta Maxim Gorky dó le léamh. Thug na leabhair seo misneach agus muinín dó; má bhí an saol ag iascairí Íoslannacha agus ag tuathánaigh na Rúise ina n-ábhar litríochta, bheadh saol an Bhlascaodaigh agus a phobail lán chomh maith leo.

Agus é ag dul amach chun na míntíre ar Oíche Cinn Bhliana bhronn sé a pheann tobair ar Thomás, comhartha measa ar leith air mar scríbhneoir.

Agus é i ndroch-shláinte agus míshásta ina phost mar chigire scoile d’fhág an Ceallach Éire sa bhliain 1923. Thug sé leis lámhscríbhinn shaothar Thomáis agus theip air aon fhoilsitheoir a aimsiú. Ar deireadh, bhronn sé ar Phádraig Ó Siochfhradha é, a chuir in eagar é agus a d’fhoilsigh Allagar na hInise (1928) agus An tOileánach (1929).

Cailleadh an Ceallach in Split san Iúgslaiv, i mí na Nollag 1936.

 

Tomás is a writer, a fisherman, a farmer with one cow and a stonemason too. He handles words as he handles stones: he makes pictures with them. Brian Ó Ceallaigh


George Thomson (1903-1987)

Ar chomhairle Robin Flower (Bláithín), tháinig Seoirse Mac Tomáis, scoláire óg sna clasaicí ó Chambridge, go dtí an Blascaod Mór chun Gaeilge a fhoghlaim i mí Lúnasa 1923. Níorbh fhada gur bhunaigh sé dlúthchairdeas buan le Muiris Ó Súilleabháin, Oileánach óg a bhí ar comhaois leis féin.

Ba é foilsiú An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain sa bhliain 1929 a spreag Ó Súilleabháin chun scéal a bheatha féin agus a óige ar an mBlascaod a bhreacadh.

Sa bhliain 1931 ceapadh é ina léachtóir le Gréigis i gColáiste na hOllscoile Gaillimh, mar a mbíodh sé ag teagasc trí mheán na Gaeilge. Dhein sé athnuachan ar a chaidreamh le Muiris a bhí ina Gharda Síochána i nGaeltacht Chonamara. Mhisnigh sé Muiris agus Fiche Blian ag Fás á scríobh aige; chuir sé an téacs in eagar agus bhí sé ina chomhúdar i dteannta Moya Llewelyn Davies ar an aistriúchán Béarla Twenty Years A-Growing. D’aitigh sé ar a chara E.M. Forster réamhrá a chur leis agus thug sé féin síntiús chun na costais foilsithe a ghlanadh.

Le linn a thréimhse sa Ghaillimh, scríobh sé ceithre leabhar inGaeilge ar litríocht na Gréige. Thug a thrímhse ar an mBlascaod Mór léargas dó ar fhilíocht eipiciúil na Gréigise agus ar a fhréamhacha sa traidisiún béil.

I gcaitheamh a shaoil ar fad, bhí Mac Tomáis ar phríomhintleachtóirí Marxacha na Breataine. Seasann Marxism and Poetry (1945) teist an ama i gcónaí mar shaothar clasaiceach dá chineál.

I dtreo deireadh a shaoil d’fhill ar fhoinse na gcuimhní a thug sé leis as a óige ar an mBlascaod. Sa bhliain 1977 scríobh sé aiste i nGaeilge An Blascaod a Bhí, agus leagan Béarla de ina dhiaidh sin The Island that Was. Díreach roimh a bhás sa bhliain 1987 foilsíodh leagan cóirithe níos iomláine Island Home.

Then I went to Ireland. The conversation of those ragged peasants, as soon as I learnt to follow it, electrified me. It was as though Homer had come alive, its vitality was inexhaustible, yet it was rhythmical, alliterative, formal, artificial, always on the point of bursting into poetry. George Thomson


Léigh faoi bheatha agus saothair na n-údar Blascaodach ar thug na scoláirí seo spreagadh dóibh.

Foghlaim Tuilleadh