Saol na Talún

Le tamall maith de bhlianta gné an-thábhachtach i saol na nOileánach ba ea bainne agus gach a mbaineann leis. Ó lá go lá agus ó shéasúr go séasúr tugtaí cuid mhaith ama ag tabhairt aire do bha agus do stoc. Téití ar buaille le stoc go dtí tailte féaraigh níos uachtaraí ó thosach na Bealtaine go dtí deireadh an fhómhair, agus is iad na mná óga is mó a dheineadh an cúram tábhachtach séasúrach seo. Coimeádtaí an talamh a bhí i gcóngar an bhaile chun curadóireachta. Nuair a leagadh níos mó béime ar iascaireacht agus ar chaoire do thit líon an stoic go mór. Do bhí an chaora chomh tábhachtach sin dóibh go mbíodh ‘caora le bearradh, caora le n-ithe agus an tríú caora le díol’ acu.

Timpeall an tí a bhíodh na héanlaithe clóis acu, agus mharaídís agus d’ithidís coiníní agus éanlaithe áirithe. Prátaí agus coirce is mó a chuiridís. Thánadar isteach leis ar chabáiste, tornapaí agus cairéadaí diaidh ar ndiaidh ó lár an chéid seo caite.

Tá bóthar a bhí tógtha go maith ag dul siar timpeall leis an dtríú cuid den slí go dtí an gCeann Dubh, an chuid is faide siar den Oileán. Tá sé ann ó 1810 nó mar nuair a tógadh an túr faire ar an Oileán. Talamh garbh is ea formhór den míle acra talún atá ar an mBlascaod.

Bhíodh “craobh” nó fraoch acu mar ábhar tine nuair a bhíodh móin gann. Thugadh na mná agus na leanaí cuid mhaith ama ag baint chraoibhe ar thaobh an chnoic, go háirithe san earrach agus sa tsamhradh. Maraíodh Tomás, mac Pheig Sayers, nuair a chuaigh sé le haill agus é ag tarraingt chraoibhe in aice le ceann de aillteacha arda an Oileáin.

Bhí na portaigh ar a mbainidís an mhóin dhubh nach mór ídithe acu sular tréigeadh an tOileán. Ní raibh na portaigh doimhin – b’fhéidir fód amháin nó dhá fhód ar a mhéid. Sa gheimhreadh is mó a dhóidís an mhóin dhubh agus bhíodh stuaicín acu sa tsamhradh agus nuair a bhíodh móin dhubh gann. Saghas scraithín is ea an stuaicín agus mianach móna inti. Is fearr an mhóin dhubh chun teasa ach ba bhuaine an stuaicín, agus úsáidtí é chun bácála. Coimeádtaí an mhóin i gcaisil tar éis í a thriomú agus tá cuid de na caisil seo fágtha ar chnoc an Oileáin – sna háiteanna ina mbíodh an mhóin á baint acu.

Is mar a chéile déanamh na rámhainne a bhíodh acu ar an Oileán agus an rámhainn a bhíodh acu ar fuaid Chiarraí ar fad. Toisce go bhfaightear tarraingt ar bháisteach ar chósta thiar na hÉireann ní foláir barraí a chur sa tslí is go mbeidís os cionn leibhéal an uisce. Dá réir sin, is ar iomairí nó ar ‘leapacha’ a chuiridís prátaí. Bhí déanamh caol ar an rámhainn agus a béal níos leithne ná an chuid eile. Bhí sí lúbtha sa tslí is go bhféadfaí luí níos fearr uirthi. Bhí cúilín ar thaobh amháin (déanta le píosa adhmaid), éagsúil leis an rámhainn Sasanach go bhfuil dhá thaobh uirthi agus atá á húsáid go coitianta ó dheireadh na 20ú haoise.

Bhíodh botháin coirceogacha cloiche, á n-úsáid coitianta sa chuid is sia siar de leithinis Chorca Dhuibhne, in aice le cuid des na tithe, chun ainmhithe nó arbhar a choimeád iontu. Bhí dhá cheann des na botháin coirceogacha seo san Oileán tamall agus tá an ceann seo fós ann. Is ar Thráigh Ghearaí, atá ar an dtaobh thiar thuaidh den Oileán, a bearrtaí na caoire. Loc nádúrtha is ea an tráigh seo go raibh sé fuirist na caoire a theanntú inti.

Mar is léir ó logainmneacha ar an Oileán, bhíodh capaill acu ar an mBlascaod tráth. De réir seanchais an Oileáin, bhíodh capaill ag treabhadh le céachtaí adhmaid uair amháin. Ach ó thús na haoise seo caite do tháinig an t-asal in ionad an chapaill mar ainmhí oibre agus tháinig an rámhainn in ionad an chéachta.

Bhí an saol ar an mBlascaod Mór ag brath a oiread céanna ar an bhfarraige agus a bhí sé ar an talamh. Foghlaim faoi nósanna iascaireachta na nOileánach, agus faoina naomhóga.

Léigh a Thuilleadh