An Imirce


Ar imeall thiar na hEorpa atá an Blascaod Mór suite, timpeall trí mhíle ó mhíntir na hÉireann agus dhá mhíle éigin míle ón gcuid is cóngaraí de Mheiriceá Thuaidh. Nuair a bhí saol níos fearr á thaibhseamh do ghlúnta de Bhlascaodaigh óga d’fhéachadar i dhá threo sula ndeineadar a rogha. Do chuaigh cuid acu trasna an Bhealaigh agus do lonnaíodar i nDún Chaoin, ar an Muirígh nó in áiteanna eile sa chomharsanacht. D’fhéach cuid eile acu i dtreo Mheiriceá gur thógadar bád na himirce ó Chóbh.

Bhí dúshlán nach beag rompu seo a roghnaigh Meiriceá. Mar chainteoiri dúchais Gaeilge is ar éigean a bhíodar aon phioc níos fearr as ná na hEorpaigh eile sin – Rúisigh, Ungéirigh, Ucréinigh, Polannaigh, Gréigigh, lodálaigh agus Gearmánaigh – gur teanga nua ar fad dóibh ba ea an Béarla.

Sall go Springfield, Massachussetts a chuaigh formhór mhuintir an Oileáin agus do mhair cuid mhaith acu in éineacht le chéile in áit ar an mbaile sin ar a dtugtar ‘Hungry Hill’. Labhartar Gaeilge Chiarrai Thiar i Springfield go dtí an lá atá inniu ann.

D’éirigh go hiontach lena lán a chuaigh ar imirce go Meiriceá agus do theip go tubaisteach ar roinnt eile. Ba é an dála céanna ag na Blascaodaigh é. Do shocraigh cuid acu síos go maith dóibh féin ach bhí cuid eile acu ná féad fadh coimeád suas le fuadar agus neamh-phearsantacht an tsaoil thall.

I gcuimhne ar Tom Biuso, fear a thug na blianta fada ag déanamh taighde ar shaol na mBlascaodach i Meiriceá, atá an chuid seo den dtaispeántas. Bhí an-chion air ag na Blascaodaigh a chuaigh ar imirce agus do dhein sé siúd deimhin de ná déanfai faillí ná dearmad orthu.

…Since the great potato famine of the 1840s….the Blasket Islands have had a much more intimate link with the west, with that next parish, in the form of the American city of Springfield, Massachusetts. Springfield, and the neighboring Connecticut Valley cities of Hartford, Connecticut and Holyoke, Massachusetts seemed much nearer to them and their Island home than their own capital city of Dublin, or the cities of London and Liverpool, each of which attracted large numbers of Irish emigrants as permanent residents and migrant laborers.

Today, Blasket-Americans conjecture that it was the building of railways which brought the first Islanders to Springfield. That might put them there in the 1830s or 1840s, but no trace of them then can be found. Today, an Islander in Holyoke with a long memory claims that the first Islander to come to the area was a Guiheen, and that he came before the Civil War.

Also, the role which kinship plays in emigration of the Islanders to Springfield cannot be underestimated. Whoever went first, they soon sent back for a brother or a sister, lending the passage money, and taking care of the initiation when the new arrival appeared on the steps of the old railway terminal on Main or Lyman Streets.

An tOllamh Tom Biuso, ó Springfield ó dhúchas, Ollamh le Béarla in Colby Sawyer College, New Hampshire

Lá arna mháireach, do scríobh Máire go dtína haintín ag triall ar an gcostas. Bhíodh Cáit Pheig ag teacht isteach chughainn i gcónaí agus gan ar siúl aici féin agus ag Máire ach Meirice. Rithidis sall go dtí an bhfalla, mar a raibh pictiúirí ó Springfield. “Ó”, a deireadh Cáit, “Raghaimid isteach sa tigh mhór san an chéad lá, a Mháire”; agus ansan do ritheadh beirt acu amach ar an urlár ag déanamh bolga-boghaisín le racht áthais.

— Fiche Blian Ag Fás, Muiris Ó Súilleabháin

I was inside with an old widow a few night ago, that grey woman you used [to] see in the middle of the village, always outdoor when you are passing, well she had three lovely rooms in her house, her children are all in America only one son that’s a man here, but not in her house. Imagine her sitting in the corner alone thinking and looking at her empty house [in] which her grand-children should be playing and she know that will never see her dear ones again.

— 'Letters from the Great Blasket' by Eibhlís Ní Shúilleabháin

Mná ba ea 45% den bpobal i 1911, bhí an céatadán ban sa phobal tite go dtí timpeall 42% i 1936 agus go dtí timpeall 29% i 1946. Do tháinig borradh ar an ndaonra idir 1946-47 ach feabhas roimh bháis a bhí ann. De réir dhaonáireamh 1951 (dhá bhliain sular imigh na daoine as) cláraíodh 27 nduine a bheith ina gcónaí ar an mBlascaod Mór. Ní raibh, dá bhrí sin, ach timpeall triúr ban i measc gach deichniúr fear ar an oileán seo i 1947.

21 duine a bhí ag maireachtaint ar oileán ar an 17 Samhain 1953 – an lá a tréigeadh go hoifigiúil é: 4 ban (a bhí druidte isteach san aois) agus 17 bhfear. Níl aon mhíniú eile ar an dtitim sin ach gur fhág níos mó ban ná fir an áit sa tréimhse sin. Ní raibh aon rogha eile ag na mná ach bailiú leo má theastaigh uathu aon fheabhas a chuir ar a saol. Fostaíocht bhocht dhealbh mar chailíní aimsire a bhí roimh chuid acu ar an míntír. B’fhearr go mór agus go fada dul go Springfield, áit a raibh a ngaolta rompu. Bhí saol níos fearr ansin, dar lena lán. Is mó tuairisc mhealltach a tháinig abhaile chucu mar gheall ar an saol maith a bhí thall.

Is í an cailín ba shine den chlann a théadh sall, mar thugadh sí sin bliain nó dhó ag obair i nDaingean Uí Chúis nó ag obair ar an tuath, nó áit éigin a dtuillfeadh sí pinginí beaga. Bhíodh an fonn sall uirthi. Gheibheadh sí cabhair ansin óna muintir sa bhaile, agus níor mhór é an costas an uair sin. Is dóigh liom go bhfaighfeá sall isteach ó Chóbh go New York ar sé puint. Nuair a théadh sí sinn sall agus nuair a chíodh sí go mbíodh a deartháireacha caite ina liairní anuas ar a chéile i rith an gheimhridh ag baile…..chuireadh sí an costas anall go dtí duine ar dhuine acu chomh luath agus a bhíodh sé aici. Agus an té a théadh sall ansin chaitheadh sé sin, nuair a bhíodh sé ag tuilleamh, an costas seo a fuair sé ó Mháire nó ó Cháit a thabhairt di, agus chuireadh Cáit anall arís go dtí duine eile é. Sin é mar a scriosadh óige agus stuif mhuintir an Oileáin ar fad. Is go Meiriceá a chuadar.

—Leoithne Aniar; Seán Ó Criomhthain